Publications Office of the EU
EU Vocabularies Contribution, VocBench and Wikis - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Fógraí dlíthiúla – Rannchuidiú le EU Vocabularies, VocBench agus Vicithe

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: EU Vocabularies – Rannchuidiú, VocBench agus Vicithe

Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (OP) OP.A.1 – an t-aonad um ‘Chaighdeánú’

Tagairt taifid: DPR-EC-00408

Clár

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
  5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. Tuilleadh eolais

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

An fhaisnéis maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Rannchuidiú le EU Vocabularies (Clár na n-iar-Mheiteashonraí agus iar-EuroVoc), VocBench agus Vicithe’ a dhéanann aonad A.1, ‘Caighdeánú’, d’Oifig Foilseacháin an Aontais Eorpaigh (OP), tá sé ar fáil thíos.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: bailíonn agus úsáideann Oifig Foilseachán an Aontas Eorpaigh d'eolas pearsanta chun do rannchuidiú a bhainistiú agus chun aiseolas a sholáthar duit, chomh maith le rochtain a thabhairt duit ar VocBench agus ar vicithe.

Maidir le EU Vocabularies: Na moltaí nó na ceartúcháin a fhaightear uait tríd an bhfeidhm “Rannchuidigh”, úsáidtear iad chun an tseirbhís a fheabhsú agus cuirtear ar fáil iad ar líne. Teastaíonn do shonraí pearsanta freisin chun aiseolas a sholáthar duit agus chun deimhin a dhéanamh de nach róbait a sheol do rannchuidiú. Tugaimid an deis duit freisin dul i dteagmháil leis an bhfoireann agus do cheisteanna a ardú leo.

Eagraímid cruinnithe (ar Webex) ina ndéantar plé ar nuashonruithe ar ábhair na Vicithe agus EU Vocabularies. Féadfar na cruinnithe sin a thaifeadadh. Féadfar liosta na rannpháirtithe, conclúidí na gcruinnithe agus fístaifeadtaí a fhoilsiú in EU Vocabularies agus/nó sna Vicithe agus/nó in CircaBC.

Maidir le Vicithe agus VocBench: Clárófar thú nuair a gheofar d'iarratas ar chlárúchán.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

De bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

(a) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

(b) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

agus

(c) tá cead tugtha agat, i do cháil mar ábhar sonraí, do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

Bunúis bhreise dlí:

  • 2013/37/AE: Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid
  • 2011/833/AE: Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le doiciméid an Choimisiúin a athúsáid
  • 2002/22/CE: Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch).
  • Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (Airt. 12 agus 13).
  • Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, go háirithe Art. 3(1)(e)+(g) agus Art. 5(a), (b), (f), (i), (k), (l), (m), (q)

Déanta chun críche na trédhearcachta agus chun cuidiú leis an bpobal tacar sonraí de chuid an Aontais a athúsáid. Is gá an phróiseáil sin le haghaidh dea-fheidhmiú an riaracháin chun eolas agus trédhearcacht an Vicí a sholáthar.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn an t-aonad um ‘Chaighdeánú’, Oifig na bhFoilseachán, na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas go páirteach ó do rannchuidiú:

  • Maidir le EU Vocabularies: Is iad seo a leanas na sonraí éigeantacha: Ainm úsáideora, sloinne, céadainm, seoladh ríomhphoist. Is iad seo a leanas na sonraí roghnacha (nach bhfuil éigeantach): Grianghraf nó abhatár, Institiúidí/cuideachta
  • Le haghaidh cruinnithe: : Roghnach: fís/fuaim de na rannpháirtithe
  • Maidir le Vicithe: Is iad seo a leanas na sonraí éigeantacha: EU Login, sloinne, céadainm
    Roghnach: fís/fuaim de na rannpháirtithe
  • Maidir le VocBench: Éigeantach: Ríomhphost, pasfhocal (nach dtaispeántar), sloinne, céadainm, teanga oibre amháin ar a laghad. Roghnach: Inscne, tír, uimhir ghutháin, URL pearsanta, URL abhatáir, lá breithe, seoladh, cleamhnacht, IRI úsáideora (scriosfar na réimsí comhfhreagracha don chéad eisiúint eile).

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn Aonad A.1, ‘Caighdeánú’ d’Oifig na bhFoilseachán, do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin 2 mhí.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, bearta lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta

Maidir le Suíomhanna Gréasáin EU Vocabularies, tá fáil ar shonraí do rannchuidithe go poiblí agus, mar sin, tá fáil ag na saoránaigh orthu ar an ngréasán domhanda. Tabhair do d'aire nach dtaispeántar do shonraí pearsanta.

Maidir le Vicithe agus VocBench, níl do shonraí feiceálach ach amháin d’úsáideoirí cláraithe san Aontas a bhfuil rochtain acu ar na vicithe sonracha agus na tionscadail ábhartha in VocBench a bhfuil an ghné staire agus an ghné bhailíochtaithe casta ar siúl acu lena n-aghaidh

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart chun iniomparthacht sonraí agat.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad A.1, ‘Caighdeánú’, d’Oifig na bhFoilseachán, le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, ceann aonad A.1 ‘Caighdeánú’ d’Oifig na bhFoilseachán: OP-EU-VOCABULARIES@publications.europa.eu.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí a ndearnadh doiciméadú orthu agus ar tugadh fógra dó ina leith. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-00408