Publications Office of the EU
OP CRM - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Navigation
OP CRM

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Tairseach OP): Fógraí dlíthiúla

 

Séanadh

Tá an suíomh gréasáin seo faoi chúram Oifig na bhFoilseachán le go mbeidh rochtain níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis faoi dhlí, foilseacháin agus beartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis sin a choinneáil; cruinn agus cothrom le dáta. Má tharraingítear ár n-aird ar earráidí, déanfaimid gach iarracht iad a cheartú.

Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht ná aon dliteanas i leith na faisnéise atá ar an suíomh seo, ámh.

Maidir leis an bhfaisnéis a thugtar:

  • is de chineál ginearálta amháin í agus níl sí curtha ar fáil chun dul i gceann dálaí sonracha a bhaineann le duine nó le heintiteas ar leith;
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta;
  • bíonn sí nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach dtagann faoi chúram sheirbhísí Oifig na bhFoilseachán agus nach nglacann Oifig na bhFoilseachán freagracht ar bith astu;
  • Ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá san fhaisnéis (má theastaíonn comhairle shonrach, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige).

Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin nach féidir a ráthú gur cóip chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil aon doiciméad atá ar fáil ar líne. Is í Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (an leagan clóite di, nó ón 1 Iúil 2013 an leagan leictreonach atá le fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex) amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aici.

Tá sé mar chuspóir againn an méid a chuireann earráidí teicniúla isteach ar úsáideoirí a laghdú a mhéid is féidir. Tá seans ann, mar sin féin, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt de na sonraí nó den fhaisnéis ar an suíomh seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfeadh na fadhbanna sin isteach ar an tseirbhís nó nach n-imreoidís tionchar uirthi. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht i leith fadhbanna den sórt sin a tharla de thoradh an suíomh seo nó aon suíomh seachtrach atá nasctha leis a bheith á n-úsáid.

Níl sé beartaithe go gcuirfeadh an séanadh seo teorainn le dliteanas Oifig na bhFoilseachán i gcás ina sáraítear ceann ar bith de na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná chun dliteanas na hOifige a eisiamh i gcás ábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.