Publications Office of the EU
Removal of personal data - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Fógra dlíthiúil - sonraí pearsanta a bhaint

Ráiteas Príobháideachais ar chosaint sonraí pearsanta

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: Láimhseáil na nIarrataí ar Shonraí Pearsanta a bhaint ó shuíomhanna gréasáin agus ó fhoilseacháin na hOifige Foilseachán

Rialaitheoir Sonraí: Aonad 01, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach”

Tagairt taifid: DPR-EC-00295

Clár

  1. Réamhrá
  2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
  3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
  4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?
  5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
  6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
  7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
  8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?
  9. Sonraí teagmhála
  10. An áit a bhfuil faisnéis níos mionsonraithe le fáil

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála dar teideal ‘Láimhseáil na nIarrataí ar Shonraí Pearsanta a bhaint ó shuíomhanna gréasáin agus ó fhoilseacháin na hOifige Foilseachán’ a fheidhmíonn aonad 01 “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” in Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

2. An fáth a ndéanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann aonad 01, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta chun próiseáil a dhéanamh ar aon iarraidh ar anaithnidiú a d’fhéadfá a chur go díreach nó go hindíreach chuig an Oifig Foilseachán.

Bainfear úsáid as do shonraí chun dul i gcomhairle leis na seirbhísí ábhartha inmheánacha agus/nó seachtracha d’fhonn an t-anaithnidiú a chur i gcrích. Ní úsáidfear do shonraí le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh, i.e. é a chur ar do chumas mar ábhar sonraí do chearta a fheidhmiú;

agus

- nuair atá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

Bunús breise dlí atá leis an bpróiseáil: sainordú Oifig na bhFoilseachán, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

D’fhonn an oibríocht phróiseála seo a chur i gcrích, bailíonn aonad 01, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” na hOifige Foilseachán aon sonraí a thugann tú dúinn agus atá faoi réir d’iarrata ar anaithnidiú. Is éard a bhíonn ann de ghnáth:

Seoladh ríomhphoist

Sloinne agus ainm

Sa bhreis air sin, aon sonraí pearsanta breise a d’fhéadfadh a bheith san fhoilseachán nó ar an leathanach gréasáin.

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn aonad 01, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin chun d’iarraidh a chur i ngníomh. Tar éis sin, coinnítear do shonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ar eagla go mbeidh tuilleadh ceisteanna ann a bhaineann le cúrsaí fíorúcháin. Úsáidtear do shonraí ar bhealach anaithnid d’fhonn staitisticí a bhailiú.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh sé go mbeidh baint ag an gconraitheoir le do shonraí pearsanta a dhéanamh anaithnid.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Trí d’iarraidh a chur isteach, tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad 01, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” na hOifige Foilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

9. Sonraí teagmhála

- An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad 01, “Straitéis, rialachas agus rialú inmheánach” na hOifige Foilseachán, info@publications.europa.eu.

- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis)(edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. An áit a bhfuil faisnéis níos mionsonraithe le fáil

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-00295.