Publications Office of the EU
About EU web archive - EU Web Archive
Nested Portlets
Eolas faoi Chartlann Ghréasáin an Aontais

Fáilte chuig cartlann ghréasáin an Aontais Eorpaigh. Sa chartlann seo caomhnaítear ábhar agus dearadh suíomhanna gréasáin institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais (institiúidí an Aontais Eorpaigh).

Tá méadú i ndiaidh a chéile ag teacht ar an eolas ón Aontas Eorpach nach bhfuil ar fáil ach ar an ngréasán. Bíodh sin mar atá, is minic nach maireann inneachar gréasáin ach seal beag gearr, agus is tapa a bhíonn na teicneolaíochtaí gréasáin ag athrú leo. Tá an baol ann go gcaillfear an t-eolas sin e.g. nuair a dhéantar athrú mór ar shuíomhanna gréasáin, sin nó nuair a bhaintear den idirlíon iad.

Chun an baol sin a chosc, in 2013 thosaigh Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh ar shuíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú agus in 2018 tháinig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh i mbun na gcúraimí sin agus chruthaigh sí seirbhís cartlainne gréasáin an Aontais Eorpaigh.

A bhuí le cartlann ghréasáin an Aontais, fanann an t-eolas a chuireann institiúidí an Aontais ar fáil ar a suíomhanna gréasáin, fiú má tá an suíomh bunaidh nó an bunleathanach imithe as feidhm go hiomlán nó go páirteach.


 


Eolas faoi Chartlann Ghréasáin an Aontais

Déantar suíomhanna gréasáin cartlannaithe a ghrúpáil i mbailiúcháin. Tá cúig bhailiúchán téamacha ar fáil faoi láthair. Sa cheann is mó díobh sin, an tAontas Eorpach, tiomsaítear 250 suíomh gréasáin atá á n-óstáil ar an bhfearann europa.eu. Gabhtar na suíomhanna gréasáin sin go rialta agus taispeántar leaganacha éagsúla de gach suíomh sa chartlann mar aon leis na dátaí comhfhreagracha ar ar cruthaíodh iad. Trí bhrabhsáil a dhéanamh ar na leaganacha sa chartlann, is féidir leis an úsáideoir an t-inneachar a fheiceáil mar a bhí sé ar fáil ar dháta ar leith, agus na hathruithe a rinneadh air a leanúint. Sna ceithre bhailiúchán eile tá cartlann Brexit, Fís 2020, Uachtaránachtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Foilseacháin. Déanaimid cartlannú freisin ar leathanaigh ar iarratas nuair atá deireadh le cur le suíomhanna gréasáin nó nuair atá siad le hathchóiriú. Sna cásanna sin, coimeádaimid cartlann deiridh sula n-imeoidh an t-ábhar.

Gabhaimid suíomhanna gréasáin i gcónaí sna leaganacha teanga go léir atá ar fáil. Seo a leanas roinnt figiúirí staidrimh:

  • Is i mBéarla amháin atá 41% de na suíomhanna gréasáin cartlannaithe ar fáil. Is iondúil gur leathanaigh iad sin a bhfuil ábhar iontu a thugtar cothrom le dáta go minic nó a mbíonn saolré ghairid acu.
  • Tá 39% de na suíomhanna cartlannaithe ar fáil i 23 nó 24 de theangacha. Is suíomhanna gréasáin iad sin atá tiomnaithe d’eolas ginearálta, cuir i gcás doiciméid oifigiúla agus beartais an Aontais Eorpaigh.
  • Tá 13% de na suíomhanna cartlannaithe ar fáil i roinnt leaganacha teanga. Is minic a bhíonn leaganacha eile, Iodáilis, Polainnis agus/nó Spáinnis de ghnáth, ag gabháil le leaganacha na dteangacha oibre, is iad sin an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis.
  • Tá 7% de na suíomhanna cartlannaithe ar fáil i 25 theanga nó níos mó. Tarlaíonn sé sin nuair a bhaineann an t-ábhar nó an spriocphobal le háiteanna lasmuigh de theorainneacha an Aontais Eorpaigh. Baineann sé sin, de ghnáth, le hábhair amhail an imirce, an cultúr nó an comhshaol.

Tugann an chartlann rochtain freisin ar bhailiúcháin aonair, e.g. foilseacháin i bhformáid HTML, suíomhanna gréasáin a bhaineann le COVID-19 nó suíomhanna gréasáin a cruthaíodh faoi chuimsiú chláir thaighde Fhís 2020.


Conas cartlann ghréasáin an Aontais Eorpaigh a úsáid

Cuardaigh cartlann ghréasáin an Aontais le heochairfhocal amháin nó níos mó, nó úsáid scagairí. I ngach bailiúchán tá liosta nasc chuig na suíomhanna atá sa chartlann, iad leagtha amach in ord aibítre. Ó leathanach an bhailiúcháin, is féidir leat brabhsáil nó cuardach a dhéanamh trí na suíomhanna cartlannaithe.

Má chliceálann tú ar theideal suímh gréasáin atá cartlannaithe, tabharfar chuig leathanach ‘féilire’ an tsuímh thú. Liostaítear ar an leathanach sin na leaganacha cartlannaithe, iad leagtha amach in ord croineolaíoch. Tá nasc chuig an leagan ‘beo’ den suíomh gréasáin atá ar fáil faoi láthair ann freisin. D’fhéadfadh sé sin a bheith úsáideach, e.g. chun sonraí teagmhála atá cothrom le dáta a fháil toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na sonraí san ábhar cartlainne cruinn a thuilleadh. Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach bhfuil an suíomh beo ann a thuilleadh, nó go bhféadfadh sé nár nuashonraíodh é ón dáta cartlannaithe is déanaí.

Léiríonn réiltín (*) in aice leis an dáta gabhála go bhfuil athrú déanta ar an doiciméad ó rinneadh é a ransú go deireanach. Mura bhfuil réiltín ann, níor athraíodh an doiciméad ó gabhadh é roimhe sin.

Má chliceálann tú ar dháta ar leathanach an fhéilire, seolfar thú chuig an leagan den suíomh gréasáin a bhí ar fáil ar an dáta atá luaite. Ansin is féidir leat an suíomh a bhrabhsáil amhail is dá mbeadh sé ‘beo’. Ar an meirge ag barr an leathanaigh atá ar taispeáint bíonn an dáta agus an t-am a gabhadh an suíomh gréasáin.

Séanadh: Is é an príomhchuspóir atá le cartlannú gréasáin éabhlóid na suíomhanna gréasáin a rianú agus cuimhne ionadaíoch ar gach suíomh gréasáin a chruthú, ach gan ábhar a chaomhnú ar leibhéal mionsonraithe nó gach aon athrú a dhéantar ar na suíomhanna gréasáin a rianú.


Cóipcheart © An tAontas Eorpach, 2019
Ráiteas príobháideachais