Publications Office of the EU
EU Legal Deposit - Librarian's corner
Dockbar

Taiscí Dlíthiúla an Aontais

Is modh seanbhunaithe é taisce dhlíthiúil chun an t-aschur atá foilsithe ag tír a bhailiú agus a chaomhnú, d’fhonn an t-aschur sin a chur ar fáil, don ghlúin atá anois ann agus do na glúnta atá le teacht.

Tá feidhm ag Scéim Taiscí Dlíthiúla an Aontais Eorpaigh maidir leis an aschur atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Cuimsíonn sé ‘aon ábhar atá foilsithe nó curtha ar fáil go poiblí ag institiúid de chuid an Aontais nó ag a hionadaí oifigiúil, nó atá foilsithe nó curtha ar fáil go poiblí faoi ordú dá gcuid, mar chuid dá seirbhís agus atá beartaithe a dháileadh ar an bpobal lasmuigh d’institiúidí an Aontais’.

Is é is cuspóir do Scéim Taiscí Dlíthiúla an Aontais foilseacháin agus suíomhanna gréasáin an Aontais a ghabháil, a dhéanamh inrochtana agus a chaomhnú ar bhealach córasach leanúnach. Sna blianta amach romhainn, clúdófar ábhair chlosamhairc agus preaseisiúintí freisin, agus féachfar le cineálacha nua ábhair agus cineálacha ábhair atá ag teacht chun cinn a chuimsiú, amhail inneachar ó na meáin shóisialta nó tacair sonraí.

Tá cuspóir foriomlán na scéime, agus na treoirlínte dá cur chun feidhme, leagtha amach i ndoiciméad bunaidh a bhfuil iarscríbhinní ag gabháil leis lena gcumhdaítear modhanna infheidhmeachta agus liosta de chineálacha ábhair. Is doiciméid bheo iad na hiarscríbhinní, atá le modhnú agus le hoiriúnú de réir mar a athraíonn an scéim.

Má tá sé de mhisean ag do leabharlann an t-aschur iomlán atá foilsithe ag críoch nó i dteanga áirithe a bhailiú, b’fhéidir gur mhaith leat foilseacháin institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh i do bhailiúchán. Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh linn:

EU-LEGAL-DEPOSIT@publications.europa.eu