An Comhdhéanamh
Na comhaltaí atá ar an bpainéal faoi láthair
Tá ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh.
Déanann an Chomhairle na comhaltaí a cheapadh ar feadh tréimhse ceithre bliana ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.
Is iad seo na daoine atá ar an bpainéal faoi láthair: Vassilios Skouris (Uachtarán an phanéil), Maria Berger, Inken Gallner, Barbara Pořízková, Silvana Sciarra, Christophe Soulard agus Vesna Tomljenović (comhaltaí an phainéil), a ceapadh le Cinneadh (AE) 2025/2644 ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena gceaptar comhaltaí an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Maireann téarma oifige an phainéil mar atá sé faoi láthair ón 1 Márta 2026 go dtí an 28 Feabhra 2030.
[Féach freisin comhdhéanaimh an phainéil ó 2010]
Christophe Soulard
Rugadh é in 1957; Céim san fhealsúnacht ó Ollscoil Reims; Dioplóma ó Institut d'Etudes Politiques de Paris, roinn na Seirbhíse Poiblí; Máistreacht sa dlí príobháideach, ardghradam sna gairmeacha breithiúnacha ó Université Paris I; Breitheamh i gCúirt Dúiche Metz (1985-1989), Rúnaí Dlí (Référendaire) i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1985-1992); Stiúrthóir an Centre européen de la Magistrature et des professions juridiques (1992-1998); Breitheamh Achomhairc sa Chúirt um Achomharc (1998-2008); An Chéad Leas-Uachtarán ar Chúirt Réigiúnach Metz (uachtaránacht an dlí-sheomra shibhalta agus comhordú na seirbhíse sibhialta) (2008 2012); Breitheamh i ndlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2012-2015); Déan roinne i ndlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2015-2017); Uachtarán dhlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2017-2022); An Chéad Uachtarán ar an gCúirt um Achomharc (an Fhrainc) (ó 2022 i leith); Ollamh comhlach in Ollscoil Robert Schuman in Strasbourg - léachtóir i ndlí an Aontais Eorpaigh (2003-2009); Ollamh comhlach in Université de Lorraine - léachtóir i ndlí an Aontais Eorpaigh (2009-2015); Comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
Barbara Pořízková
Rugadh é in 1957; Céim san fhealsúnacht ó Ollscoil Reims; Dioplóma ó Institut d'Etudes Politiques de Paris, roinn na Seirbhíse Poiblí; Máistreacht sa dlí príobháideach, ardghradam sna gairmeacha breithiúnacha ó Université Paris I; Breitheamh i gCúirt Dúiche Metz (1985-1989), Rúnaí Dlí (Référendaire) i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1985-1992); Stiúrthóir an Centre européen de la Magistrature et des professions juridiques (1992-1998); Breitheamh Achomhairc sa Chúirt um Achomharc (1998-2008); An Chéad Leas-Uachtarán ar Chúirt Réigiúnach Metz (uachtaránacht an dlí-sheomra shibhalta agus comhordú na seirbhíse sibhialta) (2008 2012); Breitheamh i ndlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2012-2015); Déan roinne i ndlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2015-2017); Uachtarán dhlísheomra coiriúil na Cúirte um Achomharc (2017-2022); An Chéad Uachtarán ar an gCúirt um Achomharc (an Fhrainc) (ó 2022 i leith); Ollamh comhlach in Ollscoil Robert Schuman in Strasbourg - léachtóir i ndlí an Aontais Eorpaigh (2003-2009); Ollamh comhlach in Université de Lorraine - léachtóir i ndlí an Aontais Eorpaigh (2009-2015); Comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
Maria Berger
Rugadh í in 1956; Dochtúireacht sa Dlí ó Universität Innsbruck; Cúntóir ollscoile in Universität Innsbruck, an Dlí Poiblí agus na hEolaíochtaí Polaitiúla; An Aireacht Chónaidhme Eolaíochta, oifigeach, acmhainní daonna (1984-1994); Seansailéireacht Chónaidhme Vín, freagrach as Comhtháthú Eorpach (1988-1992); Stiúrthóir ag Údarás Faireacháin CSTE sa Ghinéiv/sa Bhruiséil (1993-1994); Leas-uachtarán Ollscoil na Danóibe, Krems (1995-1996); Leas Chomhalta den Choinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa (2002-2003); Comhalta de Pharlaimint na hEorpa - Coistí: an Margadh Inmheánach, Gnóthaí Dlíthiúla, Saoirsí Sibhialta (1996-2007); Aire Cónaidhme Ceartais (2007-2008); Breitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais Eorpach (2009-2019); Ollamh Oinigh in Ollscoil Vín ó 2015 i leith; comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
Silvana Sciarra
Rugadh í in 1948; D’fhreastail sí ar Ollscoil Bari; Comhalta Harkness in UCLA agus i Scoil Dlí Harvard (1974-1976); mhúin sí in Ollscoil Siena, bronnadh comhaltacht Fulbright uirthi (UCLA) agus bhí sí ina hollamh ar cuairt ag ollscoileanna éagsúla (Warwick, Scoil Dlí Columbia, Cambridge, Stócólm, Lund, UCL, LUISS na Róimhe); Ollúnacht sa Dlí Eorpach Saothair agus Sóisialta (1994-2003) san Institiúid Ollscoile Eorpach; Ollamh leis an Dlí Eorpach Saothair agus Sóisialta in Ollscoil Fhlórans (1990-2014, ar saoire agus í san Institiúid Ollscoile Eorpach); Céim oinigh dochtúra sa Dlí ó Ollscoil Stócólm (2006) agus Ollscoil Hasselt (2012); Breitheamh i gCúirt Bhunreachtúil na hIodáile, an chéad bhean arna togha ag an bParlaimint (ó 2014 i leith); Uachtarán na Cúirte sin (2022 2023), Uachtarán emerita anois; bronnadh Cros Mhór Ord Fiúntais Phoblacht na hIodáile uirthi (2017) chomh maith le duais Hugo Sinzheimer (2015); Uachtarán Mheánscoil na mBreithiúna san Iodáil (2024-2026); comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2022 i leith.
Vassilios Skouris
Rugadh é in 1948; céim sa Dlí ó Shaor-Ollscoil Bheirlín (1970), agus Céim Dhochtúireachta sna Dlíthe ó Ollscoil Hamburg (1973); cúntóir agus coimeádaí Ollúnacht an Dlí Nós Imeachta Shibhialta agus an Dlí Nós Imeachta Ghinearálta in Ollscoil Hamburg (1972-1977); Ollamh leis an Dlí Riaracháin in Ollscoil Democritus, Thrace (1977-1980); Ollamh leis an Dlí Poiblí in Ollscoil Bielefeld (1980-1982); Lán-Ollamh leis an Dlí Riaracháin in Ollscoil Aristotle in Thessaloniki (1982-2015); Breitheamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (1999-2015) agus Uachtarán na Cúirte sin (2003-2015); Ollamh cleamhnaithe le Scoil Dlí Bucerius, Hamburg (2016 2024); Binseoir oinigh Chumann Onórach Lincoln’s Inn; Cathaoirleach Dhlísheomra Breithiúnach Choiste Eitice FIFA (2016-2024); comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2022 i leith agus Uachtarán an phainéil sin ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
Vesna Tomljenović
Rugadh í in 1956; Baitsiléir Dlíthe ó Ollscoil Rijeka (1979), agus Máistir Dlíthe ó Ollscoil Shágraib (1984); Dochtúir le hEolaíocht Bhreithiúnach ó Ollscoil Shágraib (1996); Ollamh Cúnta/Comhlach leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach agus an Nós Imeachta Sibhialta in Ollscoil Rijeka (1980 2005); Ollamh - Ceann Ollúnacht an Dlí Phríobháidigh Idirnáisiúnta agus Eorpaigh in Ollscoil Rijeka (2005-2013); Ollamh Tionachta in Ollscoil Rijeka (ó 2018 i leith); clár ollamh ar cuairt Fulbright, Scoil Dlí Tulane, SAM (Eanáir - Iúil 2003); Breitheamh i gCúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (2013-2025), dhá shainordú mar Uachtarán an Dlísheomra (2016 2019 agus 2019-2021); Uachtarán Chumann Dlí Chomparáidigh na Cróite ó 2006 i leith; Comhstiúrthóir an chláir speisialaithe iarchéime ‘an Dlí maidir le Comhtháthú Eorpach’, Ollscoil Rijeka (2009-2013); Ceann Mheitheal na Foirne Caibidlíochta thar ceann Phoblacht na Cróite, freagrach as caibidil 28 den acquis ‘Cosaint tomhaltóirí agus sláinte’ (2005 2013); comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
Inken Gallner
Rugadh í in 1964; An Chéad Scrúdú Dlí Stáit (1991), an Dara Scrúdú Dlí Stáit agus ceaptha mar Bhreitheamh (1994); Ceaptha mar Bhreitheamh sa Chúirt Oibreachais (1997); Breitheamh i gCúirt Oibreachais na Cónaidhme (2007-2014); Ceann Aireacht Ceartais Baden Württemberg (2014-2016); Breitheamh i gCúirt Oibreachais na Cónaidhme, an Séú Seanad (2016-2017); Breitheamh ceannais i gCúirt Oibreachais na Cónaidhme, an Deichiú Seanad (2017-2022); Uachtarán Chúirt Oibreachais na Cónaidhme (ó 2022 i leith); Léachtóir meithleacha dlíodóirí sóisearacha i ndlí an tsaothair (1996-2010); Scrúdaitheoir le haghaidh an Dara Scrúdú Dlí Stáit in Baden Württemberg (ó 2000 i leith) (Dlí an tSaothair agus an Dlí Sibhialta, Cathaoirleach an Choiste ó lár 2014 i leith); Léachtóir i nDlí Gearmánach an tSaothair agus i nDlí Eorpach an tSaothair in Ollscoil Konstanz (ó 2016 i leith); Léachtóir i nDlí Eorpach an tSaothair agus i nDlí Idirnáisiúnta an tSaothair in Westfälischen Wilhelms-Universität Münster (ó 2018 i leith); Léachtóir i nDlí Eorpach an tSaothair agus i nDlí Idirnáisiúnta an tSaothair in Universität zu Köln (ó 2022 i leith); comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2026 i leith.
