Data Protection - comite255

Privacy statement

Séanadh dlíthiúil

Is é an Painéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE a dhéanann cothabháil ar an suíomh gréasáin seo ionas go mbeidh teacht níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí an Phainéil. Is é is aidhm dúinn go mbeidh an fhaisnéis seo tráthúil agus cruinn. Mar sin féin, ní ghlacann an Painéal le freagracht ar bith ná le dliteanas ar bith i leith an ábhair ar an suíomh seo. Is é atá san ábhar seo:

  • faisnéis de chineál ginearálta amháin nach bhfuil ceaptha aghaidh a thabhairt ar imthosca sonracha duine aonair ar leith ná eintitis ar leith
  • ábhar nach gá dó a bheith cuimsitheach, iomlán, cruinn nó cothrom le dáta
  • ábhar a bhíonn nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an bPainéal orthu agus nach nglacann an Painéal aon fhreagracht chuige ina leith
  • • ábhar nach comhairle ghairmiúil ná comhairle dlí é (más comhairle shonrach atá uait, ba chóir duit i gcónaí dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).

Tabhair do d'aire nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn de théacs a glacadh go hoifigiúil é doiciméad atá ar fáil ar líne. Meastar gurb é an leagan de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear sna leaganacha leictreonacha d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an t-aon leagan údarásach di.

Tá sé mar aidhm againn na fadhbanna a bhíonn ann de bharr earráidí teicniúla a íoslaghdú. D'fhéadfadh sé tarlú, áfach, gur cruthaíodh nó go ndearnadh struchtúrú ar roinnt sonraí nó roinnt faisnéise atá ar ár suíomh i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna dá sórt isteach ar ár seirbhís nó nach gcuirfear as di ar dhóigh eile. Aon earráidí a chuirtear in iúl dúinn, déanfaimid gach iarracht iad a cheartú. Ní ghlacfaidh an Painéal le freagracht ar bith, áfach, as aon dochar díreach nó indíreach a d'fhéadfadh teacht as úsáid an tsuímh gréasáin seo.