Publications Office of the EU
Legal notices: Accessibility statement - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Ráiteas Inrochtaineachta 2022

Ráiteas inrochtaineachta le haghaidh shuíomhanna gréasáin agus ábhar Oifig na bhFoilseachán

An nuashonrú is déanaí: 20/12/2021

Intreoir

Tá Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh tiomanta rochtain chomhionann ar ár bhfaisnéis a chur ar fáil dár n-úsáideoirí go léir. Agus an inrochtaineacht i gcroílár ár gcreata agus ár ndeartha, bainimid úsáid as prionsabail deartha atá uilíoch agus a chinntíonn gur féidir le gach úsáideoir ár suíomhanna gréasáin a fheiceáil agus a nascleanúint go héifeachtach, gan beann ar an ngléas atá in úsáid acu.

Agus sinn inár bhfoilsitheoir oifigiúil le haghaidh an Aontais Eorpaigh, cloímid leis an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (Treoir (AE) 2016/2102) chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir ar fhoilseacháin agus ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh, úsáideoirí ar a bhfuil lagú amhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiceach san áireamh, mar aon leis na húsáideoirí sin nach bhfuil na teicneolaíochtaí is déanaí acu. Is féidir rochtain a fháil ar ár n-ábhar gréasáin ó chineálacha éagsúla gléasanna ar nós ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine, agus ó ghléasanna móibíleacha atá cumasaithe don ghréasán freisin.

An dóigh a gcomhlíonaimid caighdeáin maidir le hinrochtaineacht

  • Comhlíonaimid ar a laghad caighdeán WCAG 2.1, leibhéal AA. D’fhéadfadh sé nárbh é an caighdeán céanna a bheadh ann i gcás ítimí sonracha má tá cúiseanna teicniúla nó praiticiúla ann lena bhfuil údar maith.
  • Foilsímid ráiteas inrochtaineachta ar líne.
  • Cuidímid le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh linn chun deacrachtaí inrochtaineachta a thuairisciú.
  • Cuirimid san áireamh clásail maidir le comhlíonadh inrochtaineachta i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse le haghaidh forbairt gréasáin agus táirgeadh foilseachán.
  • Déanaimid iniúchtaí inrochtaineachta le hacmhainní inmheánacha agus seachtracha.

Sprioc-amanna comhlíontachta

Suíomhanna gréasáin nua (a foilsíodh an 23 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin) – faoin 23 Meán Fómhair 2019
Suíomhanna gréasáin atá níos sine (a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018) – faoin 23 Meán Fómhair 2020
Aipeanna móibíleacha – faoin 23 Meitheamh 2021

Stádas comhlíontachta

Tá ár suíomh gréasáin i gcomhréir go páirteach leis na caighdeáin inrochtaineachta dá dtagraítear faoi Threoir (AE) 2016/2102 i ngeall ar na neamhchomhlíontachtaí a liostaítear thíos.

Eisceachtaí

Níl feidhm ag an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (Treoir (AE) 2016/2102) i dtaca leis na suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha seo a leanas:

  • Formáidí comhaid de chuid na hoifige a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 (mura bhfuil gá leis sin le haghaidh próisis ghníomhacha riaracháin a bhaineann leis na cúraimí a chuireann an eagraíocht i gcrích)
  • Físeán nó closábhar réamhthaifeadta nó ‘meáin eile ambhunaithe’ a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020
  • Físeán nó closábhar beo nó meáin ambhunaithe eile
  • Léarscáileanna ar líne chomh fada agus a chuirtear an príomheolas ar fáil ar bhealach digiteach inrochtana i gcás léarscáileanna chun críche nascleanúna
  • Ábhar tríú páirtí nach ndéanann an eagraíocht lena mbaineann a mhaoiniú nó a fhorbairt agus nach bhfuil faoi smacht na heagraíochta sin
  • Macasamhlacha d’ítimí i mbailiúcháin oidhreachta nach féidir a chur ar fáil ina n-iomláine
  • Eislíonta agus inlíonta – suíomhanna gréasáin a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2019 nach mbeidh ar fáil ach do ghrúpaí iata daoine agus nach mbeidh ar fáil don phobal i gcoitinne go dtí go ndéanfar athchóiriú suntasach orthu
  • Cartlanna– suíomhanna agus aipeanna nach bhfuil iontu ach ábhar nach bhfuil ag teastáil le haghaidh próisis ghníomhacha riaracháin agus nach ndearnadh eagarthóireacht ná nuashonrú air tar éis an 23 Meán Fómhair 2019

Ábhar neamh-inrochtana

  • Tá roinnt lipéad doiléir. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 3.3.2 (Lipéid nó Treoracha) de chuid WCAG 2.1
  • Tá roinnt comhpháirteanna comhéadain ann nach bhfuil táscairí cearta fócais acu. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 2.4.7 (Feiceálacht fócais)
  • Tá roinnt teachtaireachtaí earráide ann nach bhfuil ceangal soiléir acu le rialtáin foirme. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 3.3.1 (Sainaithint earráide)
  • Tá roinnt hipirtéacsanna agus frásaí nasctha ann atá neamhfhaisnéiseach. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 2.4.9 (Cuspóir Naisc)
  • Tá roinnt eilimintí ann nár cuireadh aistriúchán ar fáil ina leith sna teangacha atá ar fáil ar an suíomh gréasáin – Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 3.1.2 (Teanga na gcodanna) de chuid WCAG 2.1
  • Tá roinnt íomhánna ann nach bhfuil téacs malartach leo. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 1.1.1 (Ábhar nach Téacs é) de chuid WCAG 2.1.
  • D’fhéadfadh an chodarsnacht dathanna a bheith neamhleor ar roinnt leathanaigh ghréasáin. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 1.4.3 (Íosmhéid Codarsnachta) de chuid WCAG 2.1
  • Úsáideann roinnt eilimintí aitreabúidí ARIA neamhcheadaithe nach bhfuil inbhraite ag bogearraí léitheora scáileáin. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 4.1.2 (Ainm, Ról, Luach) de chuid WCAG 2.1.
  • Tá roinnt gnéithe ann atá ainmnithe go neamhréireach. Níl sé sin ag teacht le critéar ratha 3.2.4 (Aitheantas Comhsheasmhach)

Doiciméid inrochtana

Is é an misean atá ag suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán rochtain a thabhairt ar fhoilseacháin oifigiúla arna dtáirgeadh ag an Aontas Eorpach. Foilsítear cineálacha éagsúla doiciméad ar ár suíomhanna gréasáin; e.g. irisí oifigiúla, téacsanna dlí, foilseacháin ghinearálta, fógraí maidir le soláthar poiblí, etc. Tá na foilseacháin sin ar fáil i dteangacha agus i bhformáidí éagsúla; is féidir iad a íoslódáil nó a thaispeáint go díreach ar an scáileán.

Tá sé mar aidhm againn foilseacháin an Aontais a chur ar fáil do gach úsáideoir, na húsáideoirí sin a bhfuil lagú amhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiciúil orthu san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair inrochtaineacht iomlán ar chodanna áirithe den ábhar a chur ar fáil mar gheall ar a nádúr agus ar a chasta atá sé; mar sin féin, tá réiteach ar na saincheisteanna sin ar cheann de na tosaíochtaí is mó atá againn.

Cuireann Oifig na bhFoilseachán treoirlínte inrochtaineachta ar fáil d’údair agus do chruthaitheoirí foilseachán digiteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar: https://op.europa.eu/en/web/accessibility

Na 4 phrionsabal a chuirimid i bhfeidhm nuair a chruthaímid suíomhanna gréasáin agus ábhar inrochtana:

1. Inbhraite

Cuirtear ábhar gréasáin ar fáil do na céadfaí: radharc, éisteacht, agus/nó teagmháil
Cuirtear eolas agus comhpháirteanna an chomhéadain úsáideora i láthair na n-úsáideoirí ar an mbealach is éifeachtaí is féidir.

  • Léitheoirí scáileáin: Ní gá ach an scáileán a mhúchadh agus iarracht a dhéanamh an leathanach a nascleanúint trí úsáid a bhaint as an méarchlár agus as aschur an léitheora scáileáin amháin chun tuiscint a fháil ar a dheacra atá sé d’úsáideoir a bhfuil lagú amhairc air an suíomh a úsáid.
  • Téacs malartach le haghaidh íomhánna: Ní mór do gach íomhá, seachas iad sin nach bhfuil ach cuspóir maisiúil acu, téacs malartach a bheith leo a dhéanann cur síos ar an íomhá. Ba chóir an cur síos sin a chur san áireamh trí úsáid a bhaint as tréith ‘alt’ na clibe ‘img’. Léann léitheoirí scáileáin an tréith sin amach d’úsáideoirí a úsáideann teicneolaíocht chúnta.
  • Codarsnacht dathanna: Baineann lagú radhairc ní hamháin le daille ach le cineálacha eile míchumas radhairc, cuir i gcás drochradharc nó dathdhaille. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach gile agus codarsnacht a chur san áireamh nuair a bhíonn suíomh gréasáin inrochtana á dhearadh. Tá cóimheas íosta codarsnachta (idir dathanna tosaigh agus cúlra) de 4.5:1 éigeantach i gcás gach ábhair théacsúil, cé is moite de cheannteidil nó de théacs mór a bhféadfadh cóimheas 3:1 a bheith inghlactha ina leith chomh maith.

2. Inoibrithe

Is féidir foirmeacha comhéadain, rialuithe agus nascleanúint a oibriú
Ní féidir le húsáideoirí áirithe luchóg a úsáid nó ní bhíonn rochtain acu ar luchóg agus iad ag brath go hiomlán ar an méarchlár chun idirghníomhú leis an ngréasán.

Fostaithe:

  • Méarchlár: Ní mór don fheidhmiúlacht uile (naisc, cnaipí, réimsí ionchuir agus idirghníomhaíochtaí eile san áireamh) a bheith inrochtana leis na rialuithe méarchláir.

    Má scipeáiltear eilimintí áirithe le linn tábála, nó mura bhfaigheann siad fócas in ord loighciúil, ba cheart an leathanach a cheartú trí úsáid a bhaint as marcáil chuí (trí athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr HTML atá faoina bhun, úsáid a bhaint as CSS chun amharcláithreoireacht na n-eilimintí a rialú nó aitreabúidí innéacs cluaisíní agus róil ARIA a chur leis nuair is gá).

    Soláthraíonn brabhsálaithe gréasáin agus córais oibriúcháin tacaíocht méarchláir freisin, aitheantas gutha (ionchur cainte) chun suíomhanna gréasáin agus gnéithe deachtaithe a oibriú.

3. Intuigthe

Ní mór eolas agus oibriú an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe
Ba cheart formhór na n-úsáideoirí a bheith in ann an teanga a úsáidtear agus feidhmeanna an tsuímh gréasáin a thuiscint go soiléir.

I bhfeidhm:

  • Teanga an leathanaigh: Sonraigh teanga an leathanaigh tríd an tréith HTML ‘lang’ a úsáid (e.g., <html lang="ga">). Ar leathanaigh ar a bhfuil ábhar ilteangach, ní mór a shonrú freisin má tá aon eilimint ann a úsáideann teanga atá éagsúil ó theanga réamhshocraithe an leathanaigh. A bhuí leis sin, is féidir le léitheoirí scáileáin a léamh os ard le fuaimniú cuí.
  • Focail: Seachnaítear focail dhébhríocha, focail atá an-teicniúil nó focail acadúla; coinnigh simplí é nuair is féidir. Cuidíonn sé sin le daoine a bhfuil deacracht acu abairtí, frásaí agus foclóir casta a thuiscint. Go háirithe, cuidíonn sé le daoine a bhfuil cineálacha éagsúla míchumas cognaíoch orthu.
  • Intuarthacht: Bíonn leathanaigh ghréasáin le feiceáil agus á n-oibriú ar bhealaí intuartha. Ní mór na príomhnaisc nascleanúna a bheith le feiceáil san ord céanna i gcónaí, ní mór comhpháirteanna an chomhéadain a bheith leagtha amach ar bhealach a mbeadh formhór na n-úsáideoirí ag súil leis, fiú i gcás cuairteoirí céaduaire, etc.

4. Stóinseach

Ní mór ábhar gréasáin a bheith comhoiriúnach le raon leathan brabhsálaithe agus gléasanna, teicneolaíochtaí cúnta san áireamh

I bhfeidhm:

Parsáil: In ábhar atá scríofa i dteangacha marcála ar nós HTML nó XML, tá clibeanna oscailte agus dúnta ag eilimintí, déantar eilimintí a neadú de réir a sonraíochtaí agus tá na comharthaí aitheantais uathúil (ach amháin i gcás ina gceadaíonn na sonraíochtaí a mhalairt). Cuidíonn sé seo chun earráidí agus fadhbanna le teicneolaíochtaí cúnta a chosc.

Ainm, ról, luach: Le haghaidh comhpháirteanna uile an chomhéadain úsáideora, is féidir an t-ainm agus an ról a chinneadh le ríomhchlár; na stáit, na hairíonna agus na luachanna is féidir leis an úsáideoir a shocrú le ríomhchlár, is féidir iad sin a shocrú; agus tá fógra faoi athruithe ar na míreanna sin ar fáil do ghníomhairí úsáideoirí, teicneolaíochtaí cúnta san áireamh.

Acmhainní

Tacaíocht

Déan teagmháil linn chun saincheisteanna inrochtaineachta a thuairisciú nó moltaí a thabhairt maidir le conas is féidir linn feabhas a chur ar an inrochtaineacht. Bí chomh soiléir agus chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go dtuigfimid cineál na faidhbe, agus tabhair do shonraí teagmhála ionas gur féidir linn freagra a chur chugat go pras.

Nós Imeachta um Fhorfheidhmiú:
I gcás ina bhfaigheann tú freagra míshásúil ar do ghearán, déan teagmháil leis an deasc chabhrach.