Publications Office of the EU
Legal notices: Copyright - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
leathanach teidil an choimeádáin shuíomh gréasáin thairseach OP

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

legal notices - copyright notice 2 for test

Fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 2019-2023.

  1. Is faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh atá ábhar eagarthóireachta an tsuímh gréasáin seo agus tá an cóipcheart ceadúnaithe faoin gceadúnas u> licence Creative Commons Attribution 4.0 International . Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh tú an t-ábhar a athúsáid ar choinníoll go ndéanann tú an fhoinse a admháil agus aon athruithe atá déanta agat a chur in iúl.

    D'fhéadfadh sé go mbeadh ort cearta breise a fháil má thaispeántar daoine aonair ar féidir iad a aithint in ábhar ar leith nó má tá saothar tríú páirtí mar chuid de.

  2. Is ceadmhach doiciméid dlí, riaracháin agus cásdlí, mar aon le sonraí a fhoilsítear ar an suíomh seo, a úsáid chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála ar choinníoll go n-admhaítear a bhfoinse. Is le Cinneadh an 12 Nollaig 2011 a chuirtear beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhm.

  3. Is ceadmhach foilseacháin ghinearálta an Choimisiúin Eorpaigh a athúsáid freisin ar choinníoll go n-admhaítear a bhfoinse, i gcomhréir leis an gCinneadh thuasluaite.

  4. Is ceadmhach na foilseacháin ó institiúidí eile an Aontais, a chomhlachtaí, a oifigí agus a ghníomhaireachtaí a íoslódáil agus a atáirgeadh ar choinneáil go n-admhaítear a bhfoinse.

  5. foilseacháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi réir na rialacha atá ar fáil ag an nasc seo a leanas

Is féidir go mbeidh na prionsabail ghinearálta sin faoi réir coinníollacha arna leagan síos i bhfógraí cóipchirt ar leith. Moltar don úsáideoir, dá bhrí sin, faisnéis chóipchirt gach doiciméid ar leith a léamh.

Aon ghné atá faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí (e.g. téacs, grianghraif, pictiúir, graif), is gá cead a fháil roimh ré ó úinéir an chóipchirt sula n-úsáidtear iad. Baineann sé sin le grianghraif atá le feiceáil in eolaire oifigiúil an Aontais Eorpaigh (EU WhoisWho) agus sa rannán ‘Imeachtaí’ (https://op.europa.eu/en/web/about-us/events).

Tá gach lógó agus trádmharc eisiata ó na ceadanna ginearálta thuasluaite.

Má tá aon eolas eile uait faoi cheisteanna cóipchirt, téigh i dteagmháil le: op-copyright@publications.europa.eu