Publications Office of the EU
Legal notices: Cookie policy - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
Cookie Policy new ga

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Tairseach OP)
Beartas maidir le fianáin

Cad is fianáin ann?

Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin an méid a rinne tú ar an suíomh agus do shainroghanna (mar shampla pasfhocal, teanga, clómhéid agus sainroghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a iontráil gach uile uair a thagann tú ar ais chuig an suíomh nó nuair a théann tú ó leathanach go leathanach.

  • Is éard is fianáin chéadpháirtí ann fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh.
  • Is féidir fianáin tríú páirtí a úsáid nuair a úsáideann suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha a shocraíonn a bhfianáin féin.
  • Is éard is fianáin seisiúin ann a scriostar go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.
  • Is éard is fianáin sheasmhacha ann fianáin a shábháiltear ar do ríomhaire agus a fhanann ar do ríomhaire nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.
  • Is éard is fianáin riachtanacha ann na fianáin is gá chun a chinntiú go dtaispeántar an suíomh gréasáin i gceart duit. D’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis iontu, mar shampla, faoi leagan do chórais oibriúcháin agus an teanga, an brabhsálaí nó an suíomh.

Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán, iarrfar ort na fianáin go léir a ghlacadh nó na fianáin riachtanacha amháin. Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna.

Conas a úsáidtear fianáin?

Baineann suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán úsáid den chuid is mó as fianáin chéadpháirtí atá socraithe agus rialaithe ag Oifig na bhFoilseachán, ní ag aon eagraíocht sheachtrach. Chun amharc ar chuid dár leathanaigh, áfach, beidh ort glacadh le fianáin tríú páirtí. Is féidir na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéanann tú sin b'fhéidir nach mbeadh roinnt gnéithe ar an suíomh ag obair mar ba cheart. Seo an t-eolas a choinnítear i gcuimhne sna fianáin sin:

  • do shainroghanna taispeána, mar shampla teanga bhrabhsála, dath codarsnachta, clómhéid, an gléas a d'úsáid tú, sainroghanna na dtorthaí cuardaigh agus sainroghanna fógraí;
  • an chuairt dheireanach a thug tú ar an suíomh (ar mhaithe le staitisticí) agus na trí leathanach dheireanacha ar thug tú cuairt orthu (eolas atá mar chabhair ag an deasc chabhrach má bhíonn orthu iarratas uait a fhreagairt);
  • má d'aontaigh tú nó murar aontaigh tú leis an úsáid a bhainimid as fianáin ar an suíomh seo.

Sainroghanna cuairteoirí

Is muidne a shocraíonn na fianáin lena gcláraítear do shainroghanna agus ní féidir ach linne iad a léamh. Cuimhníonn siad cibé ar ghlac tú leis na fianáin go léir nó leis na fianáin riachtanacha amháin.

Ainm Seirbhís Cuspóir Cineál agus fad an fhianáin
PORTAL2012_USER_PREFERENCES TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Sainroghanna an úsáideora a stóráil (teanga, inrochtaineacht, uimhriú leathanach, iarratais réamhshocraithe, srl) Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
GUEST_LANGUAGE_ID TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Teanga an chuairteora a stóráil Aon bhliain amháin

Fianáin oibríochtúla

Bíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe:

  • fianáin fíordheimhniúcháin;
  • fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe.

Fianáin fíordheimhniúcháin

Déantar iad a stóráil nuair a logálann tú isteach ar shuíomhanna Oifig na bhFoilseachán, trí úsáid a bhaint as ár seirbhís fíordheimhniúcháin (EU Login). Nuair a dhéanann tú é sin, glacann tú leis an mbeartas príobháideachais lena mbaineann.

Ainm Seirbhís Cuspóir Cineál agus fad an fhianáin
PORTAL2012_USER_PREFERENCES TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
GUEST_LANGUAGE_ID TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
       

Fianáin oibríochtúla

Bíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe:

  • fianáin fíordheimhniúcháin
  • fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe.

Fianáin fíordheimhniúcháin

Déantar iad a stóráil nuair a logálann tú isteach ar shuíomhanna Oifig na bhFoilseachán, trí úsáid a bhaint as ár seirbhís fíordheimhniúcháin (EU Login). Nuair a dhéanann tú é sin, glacann tú leis an mbeartas príobháideachais lena mbaineann.

Ainm Seirbhís Cuspóir Cineál agus fad an fhianáin
KC_RESTART TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
AUTH_SESSION_ID TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
AUTH_SESSION_ID_LEGACY TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
KEYCLOAK_LOCALE TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
KEYCLOAK_SESSION TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
KEYCLOAK_SESSION_LEGACY TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
KEYCLOAK_IDENTITY TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
KEYCLOAK_IDENTITY_LEGACY TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Úsáideoirí sa tairseach a fhíordheimhniú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí

 

Féadfaidh sé go n-athróidh ainmneacha na bhfianán sin, ar chúiseanna teicniúla.

Fianáin theicniúla

Ainm Seirbhís Cuspóir Fad an fhianáin
OP_PORTAL_BASKET_ID TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN An tralaí siopadóireachta a bhainistiú Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
COOKIE_SUPPORT TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN baintear úsáid as lena fháil amach an gceadaíonn úsáideoir fianáin fad aon bhliana amháin
JSESSIONID TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN baineann suíomhanna gréasáin as chun seisiún úsáideora anaithnid ag an bhfreastalaí a choinneáil Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
LFR_SESSION_STATE_10161 TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN bíonn aitheantóir an úsáideora ann ar ardán Liferay Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
OPPORTAL_LAST_PATH TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Baintear úsáid as mar chuid den phróiseas atreoraithe tar éis an phróisis logála isteach Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
Bealach TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Baineann an seachfhreastalaí gréasáin as don fhiníocht nóid Téann sé in éag i gceann 2 lá
dtCookie TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Déanann sé cuairt a rianú ar feadh iliomad iarrataí Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
dtLatC TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Déanann sé aga folaigh an fhreastalaí a thomhas chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
dtPC TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Tá sé riachtanach chun críochphointí cuí a shainaithint le haghaidh tarchur rabhchán; aitheantóir an tseisiúin san áireamh le haghaidh comhghaolaithe. Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
dtSa TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Ainmneacha gníomhaíochta an úsáideora a shábháil, amhail ‘Cliceáil ar Logáil isteach’, ar leathanaigh éagsúla Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
rxVisitor TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Is ann atá an t-aitheantóir cuairteora chun seisiúin a chomhghaolú le chéile Deireadh an tseisiúin brabhsálaí
opSSWS TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Eolas faoi shainchuardach Deireadh an tseisiúin brabhsálaí

 

Fianáin anailísíochta


Úsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir. Déanann na fianáin seo an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir anaithnid (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).

Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach le hOifig na bhFoilseachán.

Mar sin féin, na cineálacha sin fianán, is féidir leat iad a dhiúltú leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt ach an rogha a dhéanamh glacadh leis na fianáin riachtanacha amháin.

Ainm Seirbhís Cuspóir Fad an fhianáin
_pk_ses TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Sonraí anailísíochta a bhailiú ó úsáideoirí 30 nóiméad
_pk_id TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Sonraí anailísíochta a bhailiú ó úsáideoirí 13 mhí
ppms_privacy_ TAIRSEACH OIFIG NA bhFOILSEACHÁN Stóráil toiliú an chuairteora le bailiú agus úsáid sonraí 365 lá nó 30 nóiméad (le haghaidh rianú anaithnid)

 

Fianáin tríú páirtí

Léiríonn cuid dár leathanaigh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, mar shampla YouTube, Facebook agus Twitter. Bíonn na seirbhísí tríú páirtí sin saor ó rialú Oifig na bhFoilseachán. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, srl a athrú ag am ar bith.

Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí seo, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha ar dtús. Áirítear leis sin a mbeartais fianáin, nach bhfuil aon smacht againn orthu.

Mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.

Sonraí príobháideacha

An t-eolas a bhaineann le fianáin, ní bhaintear leas as chun tú a aithint go pearsanta agus tá smacht iomlán againn ar na sonraí brabhsála. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin sin seachas an úsáid a bhfuil cur síos déanta uirthi anseo.

Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?

Is féidir leat fianáin a bhainistiú/a scriosadh de réir mar is mian leat – féach aboutcookies.org chun tuilleadh sonraí a fháil

Fianáin a bhaint de do ghléas

Is féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfidh sé sin na fianáin go léir ó na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt. Bíodh a fhios agat áfach go bhféadfá roinnt faisnéise a sábháladh a chailliúint (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh srl).

Fianáin a bhaineann go sonrach le suíomh a bhainistiú

Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe.

Fianáin a bhlocáil

Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach tharlódh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach. Agus d’fhéadfadh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí i gceart ar chor ar bith (e.g. logáil isteach ar do phróifíl).