Publications Office of the EU
Legal notices: OP Distribution System (OPDS) - Maidir leis an Oifig Foilseachán
DisplayCustomHeader
Dockbar
Dockbar is temporarily unavailable.
Córas Dáileacháin Oifig na bhFoilseachán (OPDS) - nua

COSAINT DO SHONRAÍ PEARSANTA

An oibríocht phróiseála: Suíomh gréasáin ‘Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh’ (Tairseach OP)

Rialaitheoir Sonraí: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’

Tagairt taifid: DPR-EC-00449

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an bpróiseáil ar ‘Shuíomh gréasáin Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Tairseach OP)’, rud a dhéanann Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

 

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann Aonad A.5 ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta chun úsáideoirí a chlárú ar shuíomh gréasáin Thairseach OP, lena n-áirítear na seirbhísí a bhaineann le foilseacháin chlóite a ordú ar leathanach na hOifige, chomh maith leis an bhfeidhmiúlacht ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’.

Clárú úsáideora: is éard atá i gceist leis an oibríocht phróiseála sin liosta a choinneáil ina bhfuil sonraí pearsanta i mbunachar sonraí. Úsáidtear na sonraí freisin ar bhealach anaithnid ar mhaithe le staidéir agus/nó chun críocha staidrimh d’fhonn an tseirbhís a fheabhsú.

‘Cúntóir Oifig na bhFoilseachán’: cuireann an fheidhmiúlacht sin (ar fuinneog í laistigh den leathanach gréasáin) ar chumas úsáideoirí ceisteanna caighdeánacha a chur faoi sheirbhísí na tairsí agus faoi na foilseacháin atá ar fáil. Is féidir leat ceisteanna a chur i scríbhinn nó ó bhéal. Maidir leis an ionchur cainte, úsáideann ‘Cúntóir Oifig na bhFoilseachán’ an bota comhrá ‘Publio’. Cláraíonn an bota comhrá an t-ionchur fuaime (do cheisteanna ó bhéal) agus cuireann sé chuig inneall aitheanta cainte é a athraíonn an chaint sin go téacs. Déantar an t-ionchur fuaime a phróiseáil ar an bhfreastalaí Microsoft Azure. Taispeánann ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’ an t-ionchur fuaime mar fhocail a léiríonn an t-inneall aitheanta cainte, sula dtaispeántar freagra caighdeánach i scríbhinn agus trí leagan fuaime uathoibríoch araon. Is meandarach agus gearrshaolach atá an malartú sin. Nuair a dhúntar ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’ san fhuinneog, scriostar an malartú ina iomláine. Ní stóráiltear an fhuaim, na ceisteanna a cuireadh ná na freagraí.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

 

3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

agus

- tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

- Má chuireann tú ordú isteach trí Thairseach OP, is gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun d’ordú a chomhlíonadh.

An bunús dlí atá leis an bpróiseáil: sainordú Oifig na bhFoilseachán, Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

 

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

Clárú úsáideoirí

Sonraí éigeantacha le haghaidh cuntas iomlán:

  • Céadainm
  • Sloinne
  • Seoladh ríomhphoist
  • Pasfhocal (criptithe)

Sonraí éigeantacha le haghaidh cuntas ‘aon logáil isteach amháin’ (sonraí a fhaightear ó sheirbhís sheachtrach EU Login):

  • Aitheantas úsáideora
  • Seoladh ríomhphoist
  • Céadainm
  • Sloinne

Sonraí roghnacha:

  • Uimhir theileafóin
  • Ábhar suime
  • Cineál úsáideora
  • Cineál seolta
  • Céadainm (féadfaidh sé a bheith difriúil leis na sonraí éigeantacha)
  • Sloinne (féadfaidh sé a bheith difriúil leis na sonraí éigeantacha)
  • Seoladh sráide
  • Cód poist
  • Cathair
  • Tír
  • Seoladh ríomhphoist (féadfaidh sé a bheith difriúil leis an seoladh éigeantach)
  • Uimhir ghutháin a ghabhann leis an seoladh
  • Cineál duine
  • Eagraíocht
  • Roinn
  • Feidhm

Ní gá sonraí pearsanta a sholáthar chun Tairseach OP a bhrabhsáil. Mar sin féin, is éigean sonraí pearsanta a sholáthar más mian leat leas a bhaint as na seirbhísí breise a bhaineann le cuntas iomlán, seirbhísí ar nós ‘Mo sheoltaí’, ‘Mo liostaí’, ‘Mo ghiuirléidí’, ‘M’orduithe’, ‘Mo phróifíl’, ‘M’fholáirimh’, ‘Mo nótaí’, ‘Mo rátálacha’, ‘Mo chuardaigh’ agus ‘M’fhothaí RSS’.

Chomh maith leis sin, tá sé éigeantach sonraí pearsanta a chur ar fáil má ordaíonn tú foilseachán atá le seoladh chuig do sheoladh baile.

An fheidhmiúlacht ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’

  • Guth (má bhíonn tú ag idirghníomhú ó bhéal leis an gcúntóir)

 

 

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán do shonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críocha bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin ar feadh tréimhse chun na seirbhísí is gá a chur ar fáil. Sa chás go gcruthaítear cuntas iomlán, féadfaidh tú féin do shonraí pearsanta a scriosadh más mian leat (roghnaigh ‘Scrios cuntas’).

Tar éis tréimhse trí bliana neamhghníomhaíochta, cuirfear teachtaireacht chugat. Mura bhfreagraíonn tú an teachtaireacht laistigh d’aon mhí amháin, scriosfar do chuntas go huathoibríoch.

 

6. Cén chaoi a ndéanaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choimirciú?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil mar seo a leanas:
- in MS Azure Cloud (an Eoraip) atá á bhainistiú ag na príomhchonraitheoirí SOFTWARE IMAGINATION & VISION S.R.L. (SIMAVI), an Rómáin, agus ARHS Spikeseed S.A., Lucsamburg, atá freagrach as an bhfeidhmchlár TAIRSEACH OP
- in MS Azure Cloud (an Eoraip) atá á bhainistiú ag an gconraitheoir Tremend Software Consulting S.R.L., an Rómáin, atá freagrach as leanúnachas gnó THAIRSEACH OP
- ar fhreastalaithe an chonraitheora Paragon Supply Services, an Fhrainc, atá freagrach as orduithe fisiciúla a chomhlíonadh.
- Fochonraitheoirí a rannchuidíonn le ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’ (Publio): Pureinsights Technology Ltd, an Ríocht Aontaithe, agus Wisevoice AI, an Rómáin

Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) Uimh. 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin, tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an riosca go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus i bhfianaise na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, déantar rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

 

7. Cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?

Tabharfar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na Conraitheoirí (SIMAVI agus ARHS Spikeseed S.A.) atá freagrach as bainistiú an fheidhmchláir agus do Tremend Software Consulting S.R.L. atá freagrach as an leanúnachas gnó.

Nuair a úsáideann tú feidhmiúlacht ghutha ‘cúntóir Oifig na bhFoilseachán’ (Publio), próiseálfar na sonraí gutha i gcórais a sholáthraíonn na fochonraitheoirí Pureinsights Technology Ltd agus Wisevoice AI.

Má chuireann tú ordú isteach le haghaidh foilseachán fisiciúil sa rannán de Thairseach OP a bhaineann le Foilseacháin an Aontais Eorpaigh, is é an conraitheoir atá freagrach as comhlíonadh na n-orduithe fisiciúla a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta, agus is é Paragon Supply Services, an Fhrainc, an conraitheoir atá ann faoi láthair. Is faoi réir ráiteas príobháideachais tiomnaithe atá an phróiseáil sin, rud a chuirfear ar fáil duit nuair a chomhlíonfar d’ordú.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí.

 

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat freisin agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Trí phróifíl úsáideora a chlárú ar Thairseach OP, thoiligh tú do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifig na bhFoilseachán. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin, más gá. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

 

9. Sonraí teagmhála

- An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Aonad A.5, ‘Seirbhísí Tairsí agus Gréasáin’ de chuid Oifige na bhFoilseachán, info@publications.europa.eu.

- Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá sé an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

 

10. Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil?

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) clár na n-oibríochtaí próiseála go léir atá déanta ag an gCoimisiún ar shonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00449.