Publications Office of the EU
Legal notices: General conditions of dissemination and sale - Maidir leis an Oifig Foilseachán
Dockbar
General conditions of dissemination and sale July 2023 ga

Publications Office of the European Union (OP Portal)
Na coinníollacha ginearálta maidir le scaipeadh agus díol

Orduithe

Is orduithe a dhéantar ar líne amháin a nglacfaidh Oifig na bhFoilseachán leo agus a phróiseálfar.

Sula ndéanfar ordú a dheimhniú, déantar é a bhailíochtú céim ar chéim. Tig leat d'ordú a chur ar ceal aon tráth roimh an mbailíochtú deiridh.

Tar éis duit ordú a chur isteach, déan nóta d'uimhir an ordaithe a thaispeántar ar an scáileán. Mura bhfaigheann tú ríomhphost laistigh de 24 uair an chloig ag deimhniú an ordaithe agus shonraí an ordaithe, déan teagmháil leis an deasc chabhrach agus luaigh an uimhir sin.

Mura mbíonn fáil ar fhoilseacháin nó murar féidir d'ordú a chomhlíonadh ar aon chúis eile, seolfar ríomhphost eile chugat á rá sin.

Más úsáideoir cláraithe tú, sábháiltear go chuid sonraí ordúcháin faoi "Mo Thairseach". Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid go láidir do chóip féin de shonraí an ordaithe a dhéanamh.

Fáil ar fhoilseacháin

Má tá na foilseacháin sa stoc, tugtar sin le fios leis an gcnaipe gorm ‘Cuir sa chiseán é’ ar an leathanach sonraí a bhaineann leo.

Má athraíonn sin faoin am a mbeidh d'ordú faighte agus próiseáilte againn, nó má tharlaíonn sé gan choinne nach bhfuil fáil ar fhoilseachán a thuilleadh, seolfaimid ríomhphost chugat á rá leat an féidir é a ordú tríd an tseirbhís ‘clóigh ar éileamh’, agus más féidir, conas sin a dhéanamh.

Mura mbíonn fáil ar na foilseacháin a d'ordaigh tú agus ar íoc tú astu, tabharfar aisíocaíocht duit laistigh de 30 lá.

Seachadadh

Seachadfar na foilseacháin chuig an seoladh poist a tugadh tráth an ordaithe.

Ní bheidh Oifig na bhFoilseachán freagrach as orduithe nár iarradh ar fhoilseacháin arna ndéanamh ag duine thar ceann duine (faighteoir) eile (agus/nó arna sheachadadh chuig an bhfaighteoir eile sin).

Má tá amhras ann go bhfuil mí-úsáid nó drochúsáid á baint as an tseirbhís chun orduithe ar líne saor in aisce a dhéanamh, forchoimeádann Oifig na bhFoilseachán an ceart na horduithe sin a chur ar ceal.

Is gnách gur tríd an ngnáthphost a sheoltar beartáin atá faoi bhun 5 kg, laistigh de 7 lá ó dháta an ordaithe.

Is gnách gur le cúiréir a sheoltar beartáin atá os cionn 5 kg, laistigh de 10 lá ó dháta an ordaithe.

Ní bheidh Oifig na bhFoilseachán freagrach as na hiarmhairtí a bheidh le haon mhoill sa seachadadh.

Dochar nó cailliúint agus earraí faoi bhealach

Athsholáthróidh Oifig na bhFoilseachán aon fhoilseachán a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó roimh an seachadadh nó lena linn gan costas breise a ghearradh ort, má chuireann tú é sin in iúl dúinn i scríbhinn, maille le fianaise thacaíochta iomchuí.

Má dhéantar damáiste d’fhoilseacháin, iarraimid ort é sin a chur in iúl dúinn a luaithe is féidir tar éis duit iad a fháil.

Earraí a chur ar ais agus aisíocaíocht a fháil

Má theastaíonn uait earra a chur ar ais, ní foláir duit ríomhphost a chur chugainn laistigh de 14 lá féilire ón lá a fuair tú é, agus an t-earra féin a chur ar ais laistigh de 14 lá féilire ón lá a sheol tú an ríomhphost. Ní gá duit an chúis leis an earra a chur ar ais a thabhairt, ar choinníoll go gcloíonn tú leis na teorainneacha ama sin.

Déanfaimid an íocaíocht a rinne tú a aisíoc ar do chárta creidmheasa taobh istigh de 14 lá féilire ón lá a sheol tú an ríomhphost chugainn. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé nach ndéanfaimis an aisíocaíocht go mbeidh an t-earra faighte againn nó go mbeidh fianaise tugtha agat dúinn gur chuir tú ar ais é. Costas an earra a chur ar ais an t-aon chostas a bheidh ortsa.

Cuirtear earraí ar ais chuig an seoladh seo:

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
Stiúrthóireacht D – Clóigh agus Scaipeadh (Aischur foilseachán)
2985 Luxembourg
LUCSAMBURG

Beartas praghsanna, íocaíocht, CBL agus dleachtanna custaim

Is in aghaidh an aonaid agus in euro atá gach praghas, nuair is iomchuí. Luaitear gan dleacht agus gan cháin bhreisluacha (CBL) iad. Tá díolúine ar CBL ag díolacháin Oifig na bhFoilseachán laistigh den Aontas Eorpach faoi Airteagal 13 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle faoin gcomhchóras cánach breisluacha.

Féadfar dleacht chustaim, CBL agus cánacha eile a ghearradh ar earraí a dhíol agus a sheoladh lasmuigh den Aontas Eorpach. Is faoin gcustaiméir atá sé na dleachtanna agus na cánacha sin a íoc, agus is é an custaiméir atá lánfhreagrach as dearbhú agus íocaíocht araon a dhéanamh leis na húdaráis fhreagracha sa tír lena mbaineann.

Is féidir teacht ar na rátaí seachadta agus na rátaí don tseirbhís ‘clóigh ar éileamh’ sa rannán ‘Táillí seachadta’. Tá siad bunaithe ar na costais a leagtar ar Oifig na bhFoilseachán as na seirbhísí sin a chur ar fáil agus athbhreithnítear go tráthrialta iad.

Bíonn an íocaíocht dlite tráth an ordaithe agus ba cheart é a dhéanamh le Visa, MasterCard nó American Express nó trí PayPal.

Is seirbhís iomlán slán í seirbhís íocaíochta leictreonaí Fhoilseacháin an Aontais. Déantar criptiú ar na sonraí uile a tharchuirtear, agus ní bhíonn rochtain ag Oifig na bhFoilseachán ná ag aon tríú páirtí orthu tráth ar bith.

Sonraí pearsanta a chosaint

Féach an ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí pearsanta atá ar an tairseach ‘Dlí agus foilseacháin an Aontais’.

Díospóidí agus an dlí is infheidhme

Déanaimid ár ndícheall aon díospóid a éiríonn a réiteach ar bhonn cairdiúil laistigh de chreat na gcoinníollacha ginearálta seo don scaipeadh agus don díolachán. Iarraimid ort aon cheisteanna nó aon ghearáin atá agat a sheoladh chuig Oifig na bhFoilseachán.

Tá na coinníollacha ginearálta seo faoi réir dhlí Ard-Diúcacht Lucsamburg.